Welcome to our little family run craft shop Lia Árann nestled at the foothill of Dún Aonghusa on Inis Mór, the largest of the three Aran Islands and surrounded by the wild Atlantic Ocean. Máirtín O’Conceanainn and Síghle Ní Choitir opened the doors of the shop in 1995 and since the beginning, the shelves have been filled with unique creations made here on the island. Now, a quarter of a century later, the shop has been handed down to their daughter, Niamh Cotter who works closely with her brother, artist Tadhg O’Connor. Niamh and Tadhg plan to continue to provide unique products made here on the island so you too can take a piece of the Wild Atlantic Way home with you. Please step inside and have a look.
Fáilte go dtí ár siopa ceardaíochta, Lia Árann, atá neadaithe ag bunchnoc Dhún Aonghasa ar Inis Mór, an t-oileán is mó de thrí Oileán Árann atá timpeallaithe ag Aigéan an Atlantaigh Fhiáin. Ba iad mo thuismitheoirí, Máirtín Ó Concheanainn agus Síghle Ní Choitir, a d’oscail doirse an tsiopa in 1995 agus é de mhian acu bealach a fháil le theacht tríd na geimhrí stoirmiúla ionas nach mbeadh orthu imeacht den oileán seo is ansa linn. Ón tús, líon muid ár gcuid seilfeanna le rudaí a bhí cruthaithe againn féin agus anois, ceathrú céid ina dhiaidh sin, tá an siopa tugtha ar láimh don chéad ghlúin eile, Niamh Cotter. Tá an teaghlach iontach tábhachtach dúinn agus spreagann muid a chéile go ceanúil chun táirgí nua a chruthú agus iad a chur ar taispeáint go bródúil inár siopa. Is é mo dheartháir, an t-ealaíontóir Éireannach Tadhg O’Connor, a chruthaíonn na dearthaí uathúla Ceilteacha atá againn. Tá sé i gceist againn leanacht ar aghaidh ag cruthú táirgí uathúla lámhdhéanta anseo ar an oileán ionas go mbeidh tusa freisin in ann cuid bheag de Shlí an Atlantaigh Fhiáin a thabhairt abhaile leat. Seo uait isteach agus caith do shúil thart.